Eolas

Réamhchás Gnó

Réamhchás Gnó

Réamhchás Gnó

Lena chinntiú go mbaineann infheistíocht phoiblí luach ar airgead amach, leagtar amach sa Chód Caiteachais Phoiblí riachtanais maidir le hinfheistíocht phoiblí a mheasúnú, a phleanáil agus a bhainistiú. Príomhghné de Chás Gnó a ullmhú is ea na riachtanais seo a shásamh. Tá sé ina riachtanas den Chód Caiteachais Phoiblí go bhfoilsítear an Réamhchás Gnó (an RCG) agus an Cás Gnó Deiridh do thionscadail infheistíochta poiblí.

Is é an ÚNI an tÚdarás Faofa faoin gCód Caiteachais Phoiblí do Thionscadail Chaipitil Iompair Phoiblí. Nuair a sháraíonn tograí tionscadail costas measta caipitil €100 milliún, is é an Rialtas an tÚdarás Faofa do phríomhgheataí cinnidh agus tugann an ÚNI faoi ról laethúil an Údaráis Faofa. 

D’fhaomh Bord an ÚNI Réamhchás Gnó MetroLink a d’ullmhaigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) lena chur faoi bhráid na Roinne Iompair (an RI) agus ar aghaidh go dtí an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (an RCPA) lena athbhreithniú. De bhreis ar athbhreithniú a rinne an RI agus an RCPA (athbhreithniú neamhspleách san áireamh a rinne JASPERS agus an Grúpa Comhairleach Mórthionscadal (MPAG)), nuashonraíodh gnéithe maidir le hamlíne, costais agus tairbhí le heolas a chur ar fáil do chinneadh an Rialtais.

Dheonaigh an Rialtas Faomhadh i bPrionsabal in Iúil 2022 don ÚNI le hiarratas ar ordú iarnróid a chumasú a dhéanfadh BIÉ leis an mBord Pleanála maidir le tionscadal MetroLink (Geata Cinnidh 1).

Léirítear sa Réamhchás Gnó seo an cháipéis faoi mar a bhreithnigh an Rialtas í ag a bhfuil Nóta Cumhdaigh ina leagtar amach aon leasuithe suntasacha a rinneadh ar amlíne, costais agus tairbhí a eascraíonn as an mbreithniú a rinne an Rialtas ar an RCG.

 

Cáipéisíocht an Réamhcháis Ghnó

Féach, le do thoil, Cáipéisíocht Réamhchás Gnó MetroLink thíos: