Eolas

An gá atá le MetroLink

An gá atá le MetroLink

MetroLink

Is é MetroLink an infheistíocht aonair is mó i mbonneagar iompair a rinneadh i stair an Stáit agus tá sé mar chuid de chóras iompair comhtháite do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC). Áirítear leis an gcóras seo chomh maith BusConnects agus DART+, agus cuimsítear iad seo uile faoi Thionscadal Éireann 2040. Beidh córas iompair phoiblí iontaofa inbhuanaithe inacmhainne comhtháite mar thoradh ar na tionscadail seo i dteannta a chéile a thacóidh leis an ngeilleagar, a chabhróidh le hÉirinn a spriocanna athraithe aeráide a shásamh ar aon dul leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide (an CAP) 2021 agus cathair níos inchónaithe agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath. Cé gur cuid ríthábhachtach den chóras iompair comhtháite a bheartaítear é MetroLink do MCBÁC, is tionscadal aonair é nach bhfuil ag brath ar aon tionscadail eile dá sholáthar ná dá oibriú éifeachtach.


Bhí páirt lárnach ag an togra do chóras meitreo do Bhaile Átha Cliath i straitéis pleanála agus iompair do MCBÁC le breis agus 20 bliain anuas. Tháinig Tionscadal MetroLink a bheartaítear chun cinn ón iarthogra mar fhreagairt do bheartas pleanála agus iompair a fhorbairt agus chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh Bhaile Átha Cliath agus Éirinn inniu agus a bheidh rompu amach anseo. Tacaítear leis an ngá atá le Tionscadal MetroLink a bheartaítear sa bheartas reatha ar leibhéal náisiúnta anuas go leibhéal áitiúil agus cuirtear an méid seo a leanas san áireamh ann;

Straitéis Iompair Fhine Gall-Bhaile Átha Cliath Thuaidh 2015 Íoslódáil

Fingal / North Dublin Transport Study 2015

 

 

 

 

 


An Plean Forbartha Náisiúnta (2018-2027) Íoslódáil

National Development Plan 2018-2027 Front Cover

 

 

 

 

 

 


An Plean Forbartha Náisiúnta Leasaithe 2021-2030 Íoslódáil

NDP Front Cover 2021-2030

 

 

 

 

 

 

Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035 Íoslódáil

Transport Strategy for Greater Dublin Area 2016 - 2035 Front Cover

 

 

 

 

 

 

An Dréachtstraitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2022-2042 Íoslódáil

Greater Dublin Area Transport Strategy Front Cover

 

 

 

 

Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta Thionscadal Éireann 2040 Íoslódáil

National Strategic Outcomes Front Cover

 

 

 

 

 

 

Creat Náisiúnta Pleanála Thionscadal Éireann 2040 Íoslódáil

National Planning Framework Front Cover

 

 

 

 

 

 

An Creat Infheistíochta Náisiúnta d’Iompar in Éirinn 2021 Íoslódáil 

National Investment Framework for Transport for Ireland

 

 

 

 

 

 

Dréachtphlean Ghréasán Raonta Rothar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2021 Íoslódáil

Cycle Network Plan Front Cover