Rannpháirtíocht an Mhargaidh, Ár Slabhra Soláthair a Chruthú

Beidh ár soláthraithe riachtanach chun MetroLink a sholáthar go rathúil, agus táimid tiomanta do chaidrimh láidre chomhoibríocha a fhorbairt ón tús. Táimid bródúil as an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus táimid ag iarraidh anois ar phríomh-chomhpháirtithe féideartha an tslabhra soláthair a bheith linn ar an aistear claochlaitheach seo. 


Soláthrófar formhór na n-earraí agus na seirbhísí trí sholáthraithe Leibhéal 1. Beidh ról lárnach ag na príomhchonraitheoirí sin maidir leis an gclár a chur i gcrích agus, dá réir sin, rachaidh siad i mbun a slabhraí soláthair féin chun gnéithe éagsúla den obair a chomhlíonadh.

People shaking hands


Leis an gcur chuige sin, ginfear raon leathan deiseanna fochonraitheoireachta, rud

a chruthóidh spás do ghnólachtaí de gach méid rannchuidiú leis.


Oibreoimid i gcomhar lenár soláthraithe Leibhéal 1 chun deiseanna sa slabhra soláthair a chur ar fáil go gníomhach do FBManna agus do ghnólachtaí áitiúla. Féach ár leathanach Ag obair le FBManna chun tuilleadh eolais a fháil.


Táimid ag seoladh sraith imeachtaí Rannpháirtíochta Margaidh chun nascadh le soláthraithe domhanda.
Beidh an chéad imeacht ar siúl i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin beidh tuilleadh imeachtaí i Londain, agus ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.


Tabharfaidh na himeachtaí sin deis d’fhoireann MetroLink faisnéis a roinnt faoin gclár MetroLink, breac-chuntas a thabhairt ar dheiseanna soláthair atá le teacht, agus tús a chur le caidrimh láidre, chomhoibritheacha a fhorbairt leis an margadh. 

Eolaire Rannpháirtíochta Margaidh MetroLink

Féach an nasc thíos le rochtain a fháil ar an Eolaire Rannpháirtíochta Margaidh, ina bhfuil liosta de na heagraíochtaí a bhí rannpháirteach leis an gclár MetroLink go dtí seo.   Forbraíodh an t-eolaire seo chun cabhrú le soláthróirí líonrú a dhéanamh agus a bheith ag comhoibriú ar dheiseanna slabhra soláthair amach anseo leis an gclár. Trí nascadh le dreamanna eile, is féidir comhpháirtíochtaí a fhiosrú agus do sciar féin a dhéanamh le slabhra soláthair láidir nuálach a fhorbairt do MetroLink.  Eolaire Rannpháirtíochta Margaidh MetroLink

Iarratais ar Chruinnithe 1:1 Rannpháirtíochta Margaidh

Toisc go bhfuil na himeachtaí críochnaithe anois, táimid tar éis bogadh ar aghaidh go sraith cruinnithe Rannpháirtíochta Margaidh 1:1 réamhsceidealaithe i mí na Samhna agus i dtús mhí na Nollag, de réir pacáiste (M400 agus M500). 

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chruinniú Rannpháirtíochta Margaidh 1:1, seol ríomhphost chuig: supplychainmetrolink@tii.ie agus déan 'Iarratas ar Chruinniú Rannpháirtíochta Margaidh 1:1' a lua i líne an ábhair agus tabhair an t-eolas seo a leanas: 

  • Ainm iomlán & Teideal
  • Seoladh ríomhphoist  
  • Eagraíocht
  • Pacáiste Spéise (M400, M500)
  • Tabhair breac-chuntas gairid ar riachtanas/cuspóir gnó d’eagraíochta maidir le freastal ar an gcruinniú seo. 

Reáchtálfar an chuid is mó de na cruinnithe Rannpháirtíochta Margaidh 1:1 inár n-oifig BIÉ i mBaile Átha Cliath. Tá cruinnithe rannpháirtíochta margaidh M100 dúnta.

PDP: Tabhair faoi deara nach bhfuilimid ag reáchtáil cruinnithe Rannpháirtíochta Margaidh 1:1 níos mó maidir leis an PDP. 

Cláraigh le haghaidh Nuashonruithe

Chun nuacht agus nuashonruithe faoin Rannpháirtíocht Mhargaidh a fháil, iarrtar ort cliceáil anseo chun do chuid sonraí a chlárú.


Déan Teagmháil Linn

Le haghaidh ceisteanna ginearálta faoin Slabhra Soláthair agus Rannpháirtíocht Mhargaidh, déan teagmháil le: supplychainmetrolink@tii.ie

 

Nuashonraíodh an leathanach gréasáin seo ar an: 11/02/2026