Ciallaíonn scála MetroLink agus a thábhacht do gheilleagar na hÉireann go bhfuilimid tiomanta do chur chuige cuimsitheach agus comhoibríoch a ghlacadh maidir le rannpháirtíocht sa slabhra soláthair. Dá bharr sin, bímid ag oibriú le comhpháirtithe agus le páirtithe leasmhara lena chinntiú go gcuirtear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar an eolas maidir faoi na deiseanna agus an tacaíocht bhainteach ar féidir leo teacht i dtír orthu lena chinntiú go mbíonn siad réidh don chonradh.
Tá an trédhearcacht ag croí ár gcur chuige agus tá MetroLink meáite ar comhpháirtíochtaí láidre a chothú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí áitiúla. Tabharfaimid isteach ‘Tairseach Deiseanna’ lena n-éileofar ar ár bpríomhchonraitheoirí deiseanna tairisceana a fhoilsiú agus a ligfidh do na comhlachtaí iomchuí spéis a léiriú. Leis an gcur chuige sin, rud úrnua d’Éirinn, tabharfar amharclíne shoiléir don slabhra soláthair, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, i dtreo conarthaí de chuid an tionscadail MetroLink.
Cuirfimidne imeachtaí do cheannaitheoirí leis an tairseach mar aon leis an eolas ábhartha ar fad a theastaíonn ó ghnólachtaí le gur féidir leo a bheith mar chuid den slabhra soláthair.
Foilseoimid a thuilleadh eolais faoin tairseach agus faoi na bealaí ar féidir le FBManna a bheith rannpháirteach sna míonna atá amach romhainn. Más mian leat thú féin a choinneáil ar an eolas, cláraigh do spéis i nuacht agus nuashonruithe.
Tá MetroLink freagrach go príomha as seachadadh an chláir agus déanann sé maoirseacht air, ach is iad ár gconraitheoirí a sheachadfaidh oibreacha ar an talamh.
Dá réir sin, is dóichí go dtiocfaidh deiseanna chun cinn do ghnólachtaí áitiúla a bheith rannpháirteach trínár gcomhpháirtithe foirgníochta Leibhéal 1 nó Leibhéal 2.
Chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an áit a bhféadfadh do ghnó a bheith laistigh den tsamhail seachadta níos leithne, léiríonn an léaráid thíos struchtúr ár slabhra soláthair agus na leibhéil éagsúla rannpháirtíochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlár MetroLink agus faoin amlíne seachadta a ghabhann leis, cliceáil anseo chun féachaint ar “Threoir an tSoláthróra”.
Soláthraíonn an doiciméad seo treoir phraiticiúil do ghnólachtaí, beag beann ar a ról nó a scála laistigh den slabhra soláthair, maidir le conas iad féin a ullmhú agus a sheasamh chun leas a bhaint as deiseanna atá ar na bacáin.
Leagtar amach sa treoir freisin spriocanna straitéiseacha agus cuspóirí soláthair MetroLink agus tugtar isteach pacáistí oibre foirgníochta Leibhéal 1.
I mí Mheán Fómhair 2025, chuireamar tús le sraith d’imeachtaí Rannpháirtíochta Margaidh ar fud an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe. Leanfar den rannpháirteachas seo go dtí go n-eiseofar pacáistí don phróiseas soláthair. Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.
Nuashonraíodh an leathanach gréasáin seo ar an: 05/02/2026