Cuireann MetroLink chun cinn an chéad chonradh Seandálaíochta chun oidhreacht Bhaile Átha Cliath a chaomhnú

Cuireann MetroLink chun cinn an chéad chonradh Seandálaíochta chun oidhreacht Bhaile Átha Cliath a chaomhnú 

Tá cúig chuideachta seandálaíochta ceaptha ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), thar ceann MetroLink, chuig Córas Cáilíochta chun oibreacha seandálaíochta a sheachadadh ar ailíniú MetroLink.

Clúdaíonn an chéad chonradh, atá á eisiúint chuig an gcéad chúig iarratasóir cáilithe le tairiscint a chur isteach ina leith, an píosa is faide ó thuaidh den líne, ón Inbhear go Baile an Fhoraistéaraigh agus ina dhiaidh sin beidh conarthaí a chlúdóidh limistéir eile in am trátha. Tá an córas cáilíochta beo agus oscailte ar feadh fhad chlár MetroLink, agus tugtar cuireadh do níos mó iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar an gcóras chun athléimneacht a thógáil isteach sa chóras.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an NTA, Anne Shaw gur ‘céim thábhachtach chun tosaigh’ san ullmhúchán do sheachadadh MetroLink is ea ceapachán na gcúig chuideachta seandálaíochta speisialtóra chuig an gcóras cáilíochta. “Beidh ról ríthábhachtach ag saineolas seandálaíochta lena chinntiú go bhforbraítear an clár ar bhealach a chosnaíonn agus a léiríonn meas ar oidhreacht chultúrtha shaibhir na hÉireann, fad is a chumasaítear bonneagar iompair ríthábhachtach a sheachadadh do na glúnta romhainn,” a dúirt sí.

Chuir Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BIÉ Lorcan O’Connor fáilte roimh an gceapachán freisin, agus dúirt gur ‘garsprioc mhór’ a bhí anseo chun clár MetroLink a chur ar aghaidh. “Cuideoidh rannpháirtíocht luath le soláthraithe seandálaíochta a bhfuil taithí acu le cinntiú gur féidir iniúchtaí agus oibreacha ríthábhachtacha a dhéanamh go héifeachtúil fad is a chosnaítear oidhreacht na hÉireann,” a dúirt sé.

Léiríonn an cur chuige a glacadh tiomantas MetroLink le pleanáil chúramach, seachadadh freagrach agus comhoibriú le tionscal chun bunchloch a thógáil don rath, a dúirt Stiúrthóir Cláir MetroLink Seán Sweeney.

“Beidh iniúchadh seandálaíochta mar chuid ríthábhachtach de shuíomhanna a ullmhú don fhoirgníocht agus de chinntiú go seachadtar oibreacha go freagrach. Léiríonn an cur chuige seo ár ndíriú ar phleanáil luath agus dea-chleachtas tionscail,” a dúirt sé.

Cinntíonn seirbhísí seandálaíochta go sainaithnítear, go dtaifeadtar agus go gcaomhnaítear aon déantáin, struchtúir nó fothracha i gceart i gcomhréir le reachtaíocht oidhreachta agus le ceanglais Ordaithe Iarnróid.

Ní hamháin go gcosnaíonn sé seo oidhreacht chultúrtha ach laghdaíonn sé an riosca go mbeadh moilleanna cláir costasacha ann de bharr fionnachtana gan choinne.

D’fhéadfadh sé go n-áireofaí sna hoibreacha roinnt torthaí seandálaíochta trí chuir i láthair phoiblí, for-rochtain dhigiteach, gníomhaíochtaí pobail amhail taispeántais phoiblí, cuairteanna scoile agus laethanta oscailte chun spéis an phobail a spreagadh san oidhreacht.

Raon Feidhme na hOibre:

  • Tochailtí tástála agus suirbhéanna seandálaíochta chun raon gnéithe seandálaíochta atá laistigh de shuíomh MetroLink ó Choimpléasc an Inbhir chuig Stáisiún Bhaile an Fhoraistéaraigh a fháil amach
  • Tuilleadh tochailtí seandálaíochta chun aon ghnéithe seandálaíochta a aimsítear a réiteach. Tuairisciú, anailís ar dhéantáin agus samplaí agus seirbhísí scaipthe lena mbaineann
  • Déanfaidh Sainchomhairleoir Seandálaíochta M130 iniúchtaí seandálaíochta agus tuairisciú ag láithreacha ar leith ina bhfuil srianta seandálaíochta. Mionsonraítear na limistéir ar leith óna dteastaíonn iniúchadh sna líníochtaí conartha, agus shainaithin an tSeirbhís Dearaidh Réamhoibreacha (AWDS) iad trí phróiseas críochnúil inar áiríodh measúnú deisce mionsonraithe ar iniúchtaí seandálaíochta roimhe seo, sonraí oidhreachta reatha ar Amharcóir Timpeallachta Stairiúla ar líne NMS, léarscáileanna oidhreachta agus trinsí scoilte tástála

 
Déanfaidh an Sainchomhairleoir Seandálaíochta an méid seo a leanas: 

  • Gheobhaidh sé na ceadúnais riachtanacha chun na hoibreacha a dhéanamh i gcomhréir leis na hoibleagáidí reachtúla
  • Forbróidh sé na ráitis mhodha ábhartha chun na ceanglais cheadúnais a chomhlíonadh
  • Tabharfaidh sé faoin rannpháirtíocht riachtanach le páirtithe leasmhara
  • Comhlíonfaidh sé ról an PSCS do na hoibreacha seandálaíochta agus na seirbhísí sláinte agus sábháilteachta gaolmhara go dtí ceapachán an Chonraitheora Fóntas agus Oibreacha Cumasúcháin faoi M141 Lot2
  • Tabharfaidh sé faoi rannpháirtíocht réamhghníomhach leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun ailíniú agus comhlíontacht a chinntiú i rith shaolré an tionscadail
  • Ullmhóidh sé doiciméadacht chuimsitheach, lena n-áirítear pleananna bainistíochta tráchta, pleananna cáilíochta agus bainistíochta comhshaoil, agus ráitis mhodha mhionsonraithe
  • Scaipfidh sé Torthaí Seandálaíochta
  • Cinnteoidh sé tuairisciú agus foilsiú tráthúil agus beacht torthaí i gcomhréir le ceanglais chonarthacha agus rialála
  • Cuirfidh sé i bhfeidhm na bearta sláinte agus sábháilteachta gaolmhara uile chun pearsanra agus suíomhanna oibre a chosaint
  • Déanfaidh sé an tsuirbhéireacht agus faireachán ábhartha
  • Déanfaidh sé gníomhaíochtaí suirbhéireachta agus faireacháin leanúnacha le tacú le comhlíontacht agus 
     dul chun cinn tionscadail
  • Cuirfidh sé cóiríocht suímh agus áiseanna leasa ar fáil
  • Cuirfidh sé tuairisciú ar fáil de réir mar is gá do MetroLink

Is Córas Cáilíochta Oscailte (QS) é seo, agus tabharfar cuireadh do na cúig chuideachta ar dtús le tairiscint a dhéanamh ar an gcéad chonradh. Tá an córas beo agus ar oscailt ar feadh fhad an chláir agus fáiltíonn MetroLink roimh spéis ó chonraitheoirí a chomhlíonann na caighdeáin riachtanacha. Ní bheidh ach soláthraithe a nglactar leo ar an gCóras Cáilíochta incháilithe chun tairiscint a dhéanamh ar oibreacha Seandálaíochta amach anseo.
Faigh an PIN don tairiscint seandálaíochta anseo European Dynamics - View DPS Workspace.

Chun tuilleadh faisnéise agus rochtain a fháil ar ábhair sholáthair, tabhair cuairt ar leathanach Deiseanna do Sholáthróirí MetroLink ar shuíomh gréasáin oifigiúil MetroLink www.metrolink.ie 
 
Is é MetroLink an chéad chóras meitreo iomlán uathoibrithe, ardlín paisinéirí in Éirinn, a dearadh chun iompar poiblí a chlaochlú sa chathair.  Feadh timpeall 19km, nascfaidh sé Sord le Charlemont trí Aerfort Bhaile Átha Cliath agus lár na cathrach. 
 
Bunchloch de spriocanna aeráide agus soghluaisteachta na hÉireann is ea an clár nuálach agus ríthábhachtach seo, a thacaíonn le fás eacnamaíoch chomh maith le nascacht agus athnuachan uirbeach. Tabharfaidh sé deiseanna gnó nua do raon leathan eagraíochtaí, ó ghnólachtaí móra idirnáisiúnta go Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) áitiúla.

Tacóidh MetroLink freisin leis na mílte post foirgníochta díreach i ngach bliain den ghníomhaíocht tógála suas go dtína oscailt, chomh maith le 2,500 go 3,000 post indíreach a bhaineann leis an slabhra soláthair agus tacaíocht gach bliain.  
 
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin bpreasráiteas seo, déan teagmháil le Niall McHugh, Ceann Chumarsáid Straitéiseach MetroLink ag Niall.McHugh@tii.ie.
 
Nótaí don Eagarthóir:

Seachadfaidh MetroLink:  

  • Bonneagar ar thús cadhnaíochta d’Éirinn – iompróidh sé suas le 53 milliún paisinéir sa bhliain
  • Ardmhinicíocht; acmhainneacht le rith gach 90 soicind ag buaic-am
  • Iompróidh sé 20,000 paisinéir in aghaidh na huaire ag gabháil sa dá threo
  • Aerfort go Lár na Cathrach in 20 nóiméad
  • 3,000 Spás Páirceála & Taistil
  • Éasca le hidirmhalartú le Seirbhísí Luas, Bus agus Iarnróid
  • Níos lú tráchta ar na bóithre
  • Iompar poiblí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol 

Foilsithe ar an 31 Márta 2026