Eisíonn Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10 an Fógra Cosanta Sonraí seo (“BIÉ” nó “muid” “sinn”, “ár”). Is é is cuspóir don Fhógra Cosanta Sonraí seo tú a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat, ar sonraí iad a d'fhéadfaimis a bhailiú agus a úsáid i dtaca le Tionscadal MetroLink (an “Tionscadal”), na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a d'fhéadfaimis a bhaint as sonraí den sórt sin i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (“RGCS"), na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018, Treoir an Aontais maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach 2002/58/CE, agus aon dlíthe cur chun feidhme náisiúnta, arna leasú nó arna nuashonrú ó am go ham agus do chearta i ndáil le faisnéis phearsanta den sórt sin.
Chun críocha an RGCS, is é BIÉ rialaitheoir sonraí pearsanta den sórt sin.
Féadfaimid na sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú agus a phróiseáil i ndáil leat i dtaca leis an Tionscadal:
Do shonraí teagmhála – e.g. d'ainm, do sheoladh, d'uimhir theileafóin, do sheoladh ríomhphoist;
Sonraí maoine - Sonraí maidir le maoin atá faoi úinéireacht agat nó a bhí faoi úinéireacht agat roimhe seo nó atá á áitiú agat i gcás ina mbíonn tionchar ag an Tionscadal ar mhaoin den sórt sin, lena n-áirítear taifid mhaoine (e.g. ó Chlárlann na Talún agus ó Chlárlann na nGníomhas), taifid suirbhé, grianghraif den mhaoin (ón taobh istigh agus ón taobh amuigh araon), sonraí faoi aon chomhaontuithe maoine (e.g. comhaontuithe dlíthiúla) agus sonraí amhail cibé acu an tusa úinéir nó tionónta na maoine;
Faisnéis teagmhála - Sonraí pearsanta a bhaineann leat a chuirtear ar fáil nuair a dhéanann tú cumarsáid linn trí ríomhphost, teachtaireachtaí díreacha ar na meáin shóisialta, comhfhreagras poist, comhráite duine le duine, teachtaireacht gutha teileafóin agus glaonna teileafóin;
Tuairimí poiblí - Barúlacha a dhéanann tú i dtaobh an Tionscadail go poiblí i ngach cineál meán, lena n-áirítear postálacha poiblí ar na meáin shóisialta (féach ár bhFógra ar Athbhreithniú a dhéanamh ar na Meáin le haghaidh tuilleadh sonraí);
Comhairliúchán poiblí - Aon fhaisnéis phearsanta a chuir tú ar fáil dúinn, tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil don Tionscadal agus aon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú in aighneachtaí chuig an gCoimisiún Pleanála de dhroim an chomhairliúcháin phoiblí reachtúil;
Sonraí pearsanta íogaire a bhaineann le sláinte - i gcás ina dtugann tú sonraí faoi aon saincheisteanna sláinte go deonach agus tú i mbun cumarsáide linn, mar shampla, i gcomhthéacs rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara nó suirbhé maoine agus sa chás sin amháin (Tabhair faoi deara: ní iarrfaimid riamh aon fhaisnéis den sórt sin agus iarraimid ort gan aon fhaisnéis den sórt sin a sholáthar dúinn más féidir); agus
Faisnéis eile – Aon fhaisnéis eile a chuireann tú ar fáil dúinn i dtaca leis an Tionscadal, lena n-áirítear maidir le hiniúchadh ar dhoiciméid um Ordú Iarnróid agus faisnéis a theastaíonn uainn chun críocha éadáil éigeantach talún a chomhlánú de réir an Ordaithe Iarnróid. D'fhéadfadh luachálacha talún agus sonraí gníomhairí atá ag gníomhú thar do cheann a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.
D'fhéadfaimis na sonraí thuasluaite a bhailiú go díreach uait (e.g. sa chás go ndéanann tú teagmháil linn le ceisteanna maidir leis an Tionscadal, sa chás go nglacann tú páirt i bpróiseas comhairliúcháin phoiblí (lena n-áirítear aon aighneachtaí chuig an gCoimisiún Pleanála) nó sa chás go ndéanann tú teagmháil linn mar chuid de phróiseas fíoraithe teidil a bhaineann leis an maoin atá faoi d'úinéireacht).
Bailímid freisin na sonraí pearsanta thuas maidir le húinéireacht/áitíocht maoine agus ráitis phoiblí faoin Tionscadal go hindíreach ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ailt sna meáin, postálacha ar na meáin shóisialta agus cláir phoiblí ar nós Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, etc.
Cosúil le formhór na suíomhanna gréasáin, bailímid faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile a bhailítear trí chéile ar bhonn na gcuairteoirí uile ar ár suíomh gréasáin. Ní féidir linn an fhaisnéis a bhailímid a úsáid chun tú a aithint nó chun teagmháil a dhéanamh leat. Áirítear leis sin faisnéis dhéimeagrafach, mar shampla, maidir le seoltaí IP úsáideoirí, cineálacha brabhsálaithe agus sonraí staitistiúla anaithnide eile a bhaineann le húsáid ár suíomh gréasáin. Chun eolas a fháil faoi na fianáin a úsáidimid chun cuid den fhaisnéis seo a bhailiú, féach ár mbeartas fianán anseo.
Féadfaimid catagóirí áirithe sonraí pearsanta a bhaineann leat a bhailiú agus a nochtadh chun na críocha seo a leanas agus ar na boinn dlí atá leagtha amach thíos:
|
Catagóir Sonraí Pearsanta |
An Cuspóir atá le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil |
Bunús dlí |
|
Sonraí teagmhála agus faisnéis teagmhála – Ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, faisnéis a chuirtear ar fáil nuair a dhéanann tú cumarsáid linn trí theachtaireachtaí díreacha ar na meáin shóisialta, teachtaireachtaí/glaonna gutha teileafóin, aghaidh ar aghaidh, comhfhreagras poist, agus tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúla. |
|
Airteagal 6(1)(a) den RGCS – Toiliú –Is féidir le síntiúsóirí rogha a dhéanamh chun nuashonraithe a fháil ar an Tionscadal a bhaineann leo/lena réadmhaoin agus a dtoiliú sainráite a thabhairt go bpróiseálfar a gcuid sonraí pearsanta ar an mbealach seo.
Alt 6(1)(e) den RGCS – Tá gá le próiseáil chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn a chomhlíonadh; Faoi alt 11(1)(a) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 áirítear ar fheidhmeanna BIÉ bonneagar iarnróid éadroim agus meitreo a sholáthar. Tá freagairt ar chomhfhreagras agus fiosrúcháin ón bpobal, mar aon le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a stiúradh agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht a bhaineann le mór-bhonneagar a chumasú, mar chuid d’fheidhmiú agus bainistiú riachtanach BIÉ chun bonneagar iarnróid meitreo a sholáthar. |
|
Ráitis Phoiblí – Ainmneacha, ainmneacha úsáideora na meán sóisialta, teideal gairmiúil (nuair is infheidhme), ráitis / tuairimí (maidir leis an Tionscadal)
|
Ar mhaithe lenár n-athbhreithniú ar thráchtaireacht phoiblí maidir leis an Tionscadal chun cur ar ár gcumas dearcadh an phobail ar an Tionscadal nó ar ghnéithe áirithe den Tionscadal a thuiscint chun teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara |
Alt 6(1)(e) den RGCS – Tá gá le próiseáil chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn a chomhlíonadh; Faoi alt 11(1)(a) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 áirítear ar fheidhmeanna BIÉ bonneagar iarnróid éadroim agus meitreo a sholáthar. Tá rannpháirtíocht leanúnach na bpáirtithe leasmhara riachtanach chun bonneagar iarnróid meitreo den sórt sin a sheachadadh go rathúil. |
|
Sonraí Réadmhaoine (Leabhar Tagartha) – Ainm, seoladh agus sonraí maidir le maoin atá faoi úinéireacht agat nó a bhí faoi úinéireacht agat roimhe seo nó atá á áitiú agat i gcás ina mbíonn tionchar ag an Tionscadal ar mhaoin den sórt sin, lena n-áirítear taifid mhaoine (e.g. ó Chlárlann na Talún agus ó Chlárlann na nGníomhas), an CA réadmhaoine uathúil, taifid suirbhé, grianghraif den mhaoin (ón taobh istigh agus ón taobh amuigh araon), sonraí faoi aon chomhaontuithe maoine (e.g. comhaontuithe dlíthiúla) agus sonraí amhail cibé acu an tusa úinéir nó tionónta na maoine. |
D’fhonn cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála chun Ordú Iarnróid a lorg i ndáil leis an Tionscadal, ceanglaíodh ar BIÉ de réir Alt 40 den Acht Iompair (Bonneagair Iarnróid), 2001 arna leasú:
Is éard a bhí i gceist leis sin sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leatsa a phróiseáil mar atá sonraithe i gcolún Chatagóir na Sonraí Pearsanta ar chlé. *Bhain BIÉ gach ceann de na doiciméid seo de limistéir taispeána phoiblí BIÉ ag deireadh thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí. Mar sin féin, de réir riachtanais an Choimisiúin Phleanála maidir leis an éisteacht ó bhéal do Metrolink, bhí na doiciméid ar taispeáint go poiblí roimh an éisteacht ó bhéal, agus chomh fada agus a mhair an éisteacht. Anuas ar iarratas ón gCoimisiúin Pleanála an 1 Iúil 2024, bhí aon doiciméid bhreise a cuireadh isteach le linn na héisteachta ó bhéal, mar aon leis na nuashonruithe ar an Leabhar Tagartha, ar taispeáint go poiblí ón 19 Lúnasa 2024 ar feadh tréimhse sé seachtaine ar a laghad. An 30 Meán Fómhair 2025, dheonaigh an Coimisiún Pleanála Ordú Iarnróid (an ‘tOrdú’) do BIÉ. Ceanglaíodh ar BIÉ de réir alt 46 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001, arna leasú,
Cuirfidh BIÉ an Leabhar Tagartha ar taispeáint freisin in oifigí BIÉ, in oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Chomhairle Contae Fhine Gall, an Údaráis Náisiúnta Iompair, an Choimisiúin Phleanála agus Leabharlann Phoiblí Bhaile Munna agus cuirfidh sé an Leabhar Tagartha ar fáil go leictreonach ar feadh tréimhse ocht seachtaine ó dheonú an Ordaithe. Is éard atá i gceist leis seo ná sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leat a phróiseáil mar atá sonraithe sa cholún Catagóir Sonraí Pearsanta ar chlé. Féach tuilleadh sonraí thíos ag ‘Faighteoirí Sonraí Pearsanta’.
|
Airteagal 6(1)(c) agus (e) den RGCS – Is é an bunús dlí atá againn leis an bhfaisnéis seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil próiseáil den sórt sin riachtanach chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh agus chun ár dtascanna a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn. Áirítear leis seo oibleagáidí faoi Ailt 37, 40, 46 agus 48 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001.
|
|
Sonraí Réadmhaoine (Scéim Cosanta Úinéirí Réadmhaoine) – Ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, sonraí a bhaineann leis an maoin (lena n-áirítear léarscáileanna agus teideal don mhaoin), taifid suirbhé maoine, grianghraif uathúla den mhaoin (ón taobh istigh agus ón taobh amuigh araon)
|
Seirbhísí suirbhéireachta maoine maidir leis an Tionscadal a sholáthar. |
Airteagal 6(1)(a) den RGCS – Toiliú – Soláthraíonn rannpháirtithe i Scéim Cosanta na nÚinéirí Maoine a dtoiliú sainráite dá sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil i ndáil leis an scéim sin. |
|
Sonraí réadmhaoine (talamh a fháil go héigeantach) – Ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, sonraí a bhaineann leis an réadmhaoin atá á fáil lena n-áirítear faisnéis teidil, taifid réadmhaoine (e.g. ó Chlárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas), taifid shuirbhé, CA réadmhaoine uathúil, grianghraif den réadmhaoin (ón taobh istigh agus ón taobh amuigh), mar aon le faisnéis bhreise amhail luachálacha réadmhaoine, gníomhairí a ghníomhaíonn ar do shon, etc. |
Dul i mbun fáil éigeantach réadmhaoine i ndáil leis an Tionscadal de réir an Ordaithe Iarnróid. |
Alt 6(1)(e) den RGCS – Tá gá le próiseáil chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn a chomhlíonadh; Faoin Alt 45 den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 áirítear ar fheidhmeanna agus ar chumhachtaí BIÉ talamh a shonraítear in Ordú Iarnróid a fháil go héigeantach maidir le bonneagar iarnróid éadroim agus meitreo a sholáthar. |
Tabhair faoi deara arís nach n-iarrfaidh BIÉ riamh sonraí pearsanta de chatagóir speisialta uait (amhail sonraí a bhaineann le sláinte nó tuairimí polaitiúla). Mar sin féin, ar an drochsheans go ndéanaimid próiseáil ar aon sonraí pearsanta de chatagóir speisialta den sórt sin i gcúinsí ina dtugann tú an fhaisnéis seo go deonach dúinn (mar shampla, i gcomhthéacs rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara) nó go bhfuil sí ar fáil go poiblí (mar shampla, i gcomhthéacs postálacha/ráitis phoiblí ar na meáin shóisialta i ndáil leis an Tionscadal) déanfaimid amhlaidh ar bhonn do thoilithe nó ar an mbonn go bhfuil próiseáil sonraí dá leithéid riachtanach agus comhréireach le comhlíonadh ár bhfeidhmeanna.
Má bhailímid agus má phróiseálaimid aon chatagóir speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leat, ní choinneoimid sonraí den sórt sin ach chomh fada agus is gá agus cinnteoimid go scriostar iad go slán nuair nach mbeidh aon ghá dúinn iad a choinneáil.
Féadfaimid aon chuid de do shonraí pearsanta atá sonraithe sa rannán “Sonraí Pearsanta a Phróiseálaimid” thuas a nochtadh do thríú páirtithe maidir leis na cuspóirí thuas, sna cúinsí seo a leanas:
Le tríú páirtithe a mbímid ag plé leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn maidir leis an Tionscadal, amhail comhairleoirí/sainchomhairleoirí gairmiúla, iniúchóirí, suirbhéirí agus soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe;
An tÚdarás Náisiúnta Iompair;
Nuair a cheanglaítear nó a cheadaítear sin faoin dlí, le húdaráis agus comhlachtaí poiblí eile, mar na Gardaí nó údaráis eile um fhorfheidhmiú an dlí chun críocha coireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath; agus
I gcás ina bhfuil dualgas orainn do chuid faisnéise a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a bhfuilimid faoina réir a chomhlíonadh nó chun ár gcearta nó ár maoin a chosaint.
I dtaca leis an Tionscadal, is iad seo a leanas na príomhsholáthraithe seirbhíse agus na príomhchatagóirí faighteoirí sonraí pearsanta:
|
Faighteoirí Sonraí Pearsanta |
Cuspóirí na Próiseála |
|
Comhairleoirí dlí |
Seirbhísí dlí a sholáthar i dtaca leis an Tionscadal |
|
Soláthraí bogearraí bainistíochta páirtithe leasmhara |
Córas digiteach bainistíochta páirtithe leasmhara a sholáthar |
|
Microsoft |
Néalseirbhísí, próiseáil focal agus seirbhísí ríomhphoist a sholáthar |
|
Ailtirí |
Comhairle a sholáthar ar chúrsaí ailtireachta agus oidhreachta tógtha |
|
Soláthraí seirbhísí priontála |
Soláthar seirbhísí priontála, mar shampla, i ndáil leis na pacáistí fógartha agus deimhnithe atá le cur ar fáil d’úinéirí agus d’áititheoirí maoine a bhfuil tionchar ag an Tionscadal orthu i ndáil leis an Ordú Iarnróid |
|
Suirbhéirí réadmhaoine |
Seirbhísí suirbhéireachta réadmhaoine a sholáthar, lena n-áirítear i ndáil leis an Scéim um Chosaint Úinéirí Réadmhaoine don Tionscadal |
|
Soláthraí seirbhíse athbhreithnithe meán |
Seirbhísí athbhreithnithe meán, mar atá sonraithe thuas, a sholáthar |
|
Soláthraí bogearraí seachadta bonneagair |
Comhthimpeallacht Sonraí a sholáthar chun críocha Bainistíocht Faisnéise Gnó (‘BIM’) i dtaca leis an Tionscadal agus le seirbhísí agus tacaíocht forbartha córais |
|
Comhairleoirí seachtracha |
Chun seirbhísí comhairliúcháin agus tacaíochta a sholáthar maidir leis an Tionscadal |
|
Gníomhairí eastáit/luachálaithe |
Chun meastacháin ar chúiteamh a dhéanamh agus comhaontaithe socraíochta a dhéanamh, a chaibidliú agus a bhaint amach i gcomhthéacs aon éadálacha éigeantacha talún |
|
Gníomhairí a oibríonn thar ceann úinéirí réadmhaoine lena mbaineann |
Ar iarratas ón úinéir réadmhaoine ábhartha ar mhaithe le teagmháil a dhéanamh leis an duine sin maidir leis an Tionscadal |
|
Bróicéirí / Soláthraithe Árachais |
Chun táirgí árachais agus seirbhísí árachais a sholáthar do BIÉ |
|
Conraitheoir Foirgníochta |
Ach amháin i gcúinsí teoranta áirithe chun a chinntiú go ndéantar aon oibreacha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ort féin nó ar do mhaoin a bhainistiú go cuí (ach amháin a mhéid is gá) |
Mar atá thuasluaite, b’fhéidir go bhfuil sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leatsa (i.e. d’ainm agus do sheoladh) agus le do theideal don mhaoin atá le fáil sa Leabhar Tagartha seo nochta do bhaill den phobal a fuair rochtain ar an bhfaisnéis sin trí scrúdú a dhéanamh ar an Leabhar Tagartha ag oifigí BIÉ, Chomhairle Contae Fhine Gall, Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Údaráis Náisiúnta Iompair agus ag an gCoimisiún Pleanála agus/nó trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin Phleanála agus MetroLink (https://www.metrolinkro.ie/). Níor nochtadh an fhaisnéis seo ach a mhéid ba ghá agus chun ár gcuid oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh. Cuireadh an fhaisnéis ar fáil don phobal ar feadh tréimhse teoranta ama i gcomhréir le hAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001. Tar éis don tréimhse chomhairliúcháin dul in éag, ní raibh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí a thuilleadh ar shuíomh gréasáin MetroLink ná ar áitribh BIÉ.
Mar sin féin, de réir riachtanais an Choimisiúin Phleanála maidir le héisteacht ó bhéal do MetroLink, bhí gach ceann de dhoiciméid iarratais phleanála MetroLink (lena n-áirítear an Leabhar Tagartha agus aon aighneachtaí agus freagraí orthu) ar taispeáint go poiblí roimh an éisteacht ó bhéal, agus ar feadh na tréimhse a mhair an éisteacht, a thosaigh ar an 19 Feabhra 2024 agus a chríochnaigh ar an 28 Márta 2024. I rith na tréimhse seo taispeánadh na doiciméid ag oifigí BIÉ, ag Comhairle Contae Fhine Gall (Sord), Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag an gCoimisiún Pleanála, san Údarás Náisiúnta Iompair agus ag an ionad éisteachta ó bhéal (Óstán an Gresham, Baile Átha Cliath). Bhí na doiciméid ar taispeáint i Leabharlann Phoiblí Bhaile Munna i rith thréimhse na héisteachta ó bhéal. Ina theannta sin, foilsíodh nuashonruithe ar an Leabhar Tagartha ar shuíomh gréasáin MetroLink (https://www.metrolinkro.ie/).
Le déanaí, de bhreis ar iarratas ón gCoimisiún Pleanála an 1 Iúil 2024, bhí gach doiciméad breise a cuireadh isteach ag an éisteacht ó bhéal, mar aon leis na nuashonruithe ar an Leabhar Tagartha, ar taispeáint go poiblí ón 19 Lúnasa 2024 go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2024, ag na háiteanna céanna atá liostaithe thuas (cé is moite d'óstán an Gresham).
Tar éis don chomhairliúchán poiblí a bheith curtha i gcrích, d’ordaigh an Coimisiún Pleanála do BIÉ an 18 Deireadh Fómhair 2024 na haighneachtaí a fuarthas le linn na céime seo a fhoilsiú. Tá na haighneachtaí sin foilsithe ar shuíomh gréasáin MetroLink (https://www.metrolinkro.ie/).
Tar éis don Choimisiún Pleanála an tOrdú Iarnróid a dheonú an 30 Meán Fómhair 2025, tá an fhaisnéis seo ar fáil do bhaill den phobal a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin trí iniúchadh a dhéanamh ar an Leabhar Tagartha in oifigí BIÉ, i gComhairle Contae Fhine Gall, i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, san Údarás Náisiúnta Iompair, i Leabharlann Bhaile Munna agus ag an gCoimisiúin Pleanála agus/nó trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin Phleanála agus MetroLink. Nochtar an fhaisnéis seo a mhéid is gá agus chun ár gcuid oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil trína taispeáint go poiblí sna hoifigí thuasluaite agus go leictreonach ar shuíomh gréasáin MetroLink ar feadh tréimhse ocht seachtaine. Tar éis don tréimhse sin a bheith caite, ní bheidh an fhaisnéis seo ar taispeáint go poiblí a thuilleadh ná ní bheidh sí foilsithe ar shuíomh gréasáin MetroLink ach beidh sí fós ar fáil lena hiniúchadh/le ceannach ag an bpobal in oifigí BIÉ agus in oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Chomhairle Contae Fhine Gall ar feadh tréimhse teoranta ama 5 bliana tar éis an t-iarnród a oscailt don trácht de réir an Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001, arna leasú. Tar éis don tréimhse 5 bliana sin a bheith caite, ní bheidh an fhaisnéis ar fáil a thuilleadh in oifigí BIÉ, Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó Chomhairle Contae Fhine Gall.
I dtaca leis an Tionscadal, féadfaimid do chuid sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ('LEE’) chuig soláthraithe seirbhíse sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bhfuil sé aitheanta ag an gCoimisiún Eorpach go gcuireann siad leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí ar fáil de bhun Airteagal 45 den RGCS.
Féadfar catagóirí teoranta sonraí pearsanta a bhailímid uait a aistriú chuig an India agus chuig an tSeirbia, ar dlínsí iad nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach go soláthraíonn siad leibhéal coibhéiseach cosanta do shonraí pearsanta mar a fhoráiltear san Aontas Eorpach. I gcúinsí den sórt sin, cinnteoimid go bhfuil cosaintí cuí i bhfeidhm chun aistriú do shonraí pearsanta lasmuigh den LEE a chosaint, is é sin trí chonradh a dhéanamh lena rialaítear an t-aistriú agus ina bhfuil na ‘clásail chaighdeánacha conarthacha’ ceadaithe chun na críche sin ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hAlt 46 den RGCS.
Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta atá déanta againn ina leith sin ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí, ach na sonraí teagmhála thuas a úsáid.
Coinneoimid do shonraí pearsanta fad agus a mhairfidh an Tionscadal agus ar feadh cibé tréimhse ama tar éis don Tionscadal críochnú agus is gá chun ár n-oibleagáidí faoin dlí infheidhme a chomhlíonadh agus, más ábhartha, chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a d’fhéadfadh teach chun cinn maidir leis an Tionscadal lena n-áirítear go dtí go gcríochnófar éadáil na talún agus na réadmhaoine ábhartha ar fad de bhun an Achta Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001.
Mar sin féin, i gcás nach gá sonraí pearsanta a choinneáil fad agus a mhairfidh an Tionscadal, mar shampla, i gcás taifeadtaí teachtaireachtaí teileafóin agus formhór na faisnéise athbhreithnithe meán, scriosfar faisnéis den sórt sin a luaithe nach mbeidh gá léi a thuilleadh.
Tá bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí glactha ag BIÉ chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar phróiseáil neamhdhleathach, caillteanas de thaisme, scriosadh nó damáiste. Ár ngníomhairí nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a phróiseálann do shonraí, cinnteoimid go bhfuil sé de dhualgas orthusan freisin do shonraí a choinneáil slán sábháilte.
Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:
An ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta – Tá sé de cheart agat cóip de na sonraí pearsanta atá againn fút a iarraidh, mar aon le faisnéis eile faoin gcaoi a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta sin.
An ceart chun ceartúcháin – Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfar aon sonraí míchruinne atá againn fút a cheartú, nó má tá faisnéis neamhiomlán againn féadfaidh tú iarraidh orainn an fhaisnéis a nuashonrú sa chaoi is go mbeidh sí ar fad ann.
An ceart chun scriosta – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn sonraí pearsanta atá againn fút a scriosadh. Tugtar an ceart go ligfí i ndearmad air sin uaireanta.
An ceart chun próiseáil a shrianadh nó cur i gcoinne próiseála – Tá sé de cheart agat a iarraidh nach bpróiseálfaimid do shonraí pearsanta a thuilleadh chun críocha ar leith, nó cur i gcoinne na próiseála a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta chun críocha ar leith.
An ceart chun iniomparthachta sonraí – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn cóip de do chuid sonraí pearsanta a sholáthar duit, nó ar thríú páirtí, i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.
Nuair a phróiseálaimid sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn bunaithe ar do thoiliú, tá sé de cheart agat do chead a tharraingt siar am ar bith, gan cur isteach ar dhlíthiúlacht aon phróiseáil sular tarraingíodh siar toiliú.
Chun aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil i scríbhinn lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag A. O'Shaughnessy, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10 nó ar an teileafón nó trí ríomhphost ar: Teil: +353 1 646 3600, Ríomhphost: dataprotection@tii.ie
Tabharfaimid freagra ar d’iarratas laistigh de mhí amháin. Féadfar síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse sin i gcás inar gá, castacht agus líon na n-iarratas á gcur san áireamh. Cuirfimid aon síneadh den sórt sin in iúl duit laistigh de mhí amháin ó d’iarratas.
Má tá aon cheist agat faoin bhFógra Cosanta Sonraí seo nó faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí: A. O'Shaughnessy, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Teil: +353 1 646 3600, Ríomhphoist: dataprotection@tii.ie
I gcúinsí inar lorg tú teagmháil a dhéanamh linn maidir leis an Tionscadal, d'fhonn a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá againn maidir leat cruinn, déan teagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas má athraíonn do shonraí teagmhála - info@metrolink.ie
Chun gearán a dhéanamh nó aon imní a ardú faoin gcaoi a n-úsáidimid do chuid faisnéise pearsanta, déan teagmháil linn ar dtús agus déanfaimid iarracht an cheist a réiteach chomh luath agus is féidir.
Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáideadh d’fhaisnéis nó ar tugadh aghaidh ar do chearta. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
Coimeádaimid an ceart chun an Fógra Cosanta Sonraí seo a athrú ó am go ham dár rogha féin amháin. Má dhéanaimid aon athruithe, déanfaimid an dáta “Nuashonraithe Deiridh” a nuashonrú thíos. Déan athbhreithniú ar an bhFógra Cosanta Sonraí seo go tréimhsiúil le haghaidh nuashonruithe.