FÓGRA AR ATHBHREITHNIÚ A DHÉANAMH AR MHEÁIN METROLINK

FÓGRA AR ATHBHREITHNIÚ A DHÉANAMH AR MHEÁIN METROLINK

Táimid tiomanta do chinntiú go gcuirtear na tuairimí is leithne san áireamh de réir mar a dhéanann tionscadal MetroLink dul chun cinn. Tá orainn a chinntiú go bhfuilimid ag éisteacht le gach ceann de na páirtithe leasmhara ábhartha chun gur féidir an tionscadal a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus aird ar an méid atá á rá ag na páirtithe leasmhara ábhartha go léir.

D’fhostaíomar soláthraí seirbhíse, ar an ábhar sin, chun sinn a chur ar an eolas nuair a luaitear MetroLink i bhfoirmeacha éagsúla de na meáin. Áirítear leis seo ailt ó fhoinsí traidisiúnta meán (e.g. nuachtáin, raidió agus teilifís), agus foinsí meán ar líne (i.e. láithreáin ghréasáin, blaganna, na meáin shóisialta, etc.).

Is mian linn a chinntiú, chomh maith, go gcloisimid dearcthaí ball den phobal go díreach, chun go gcuirfear san áireamh sna tuarascálacha postálacha poiblí ar ardáin sna meáin shóisialta (e.g. Twitter, Facebook, Boards.ie, etc.).

Ginfear ár dtuarascálacha ar bhunús athbhreithniú a dhéanamh ar thagairtí sna meáin do “Meitreo”, “Meitreo Thuaidh” nó “MetroLink”. Lena chinntiú go ndéanann na tagairtí tagairt do thionscadal MetroLink, seachas do thionscadail mheitreo eile timpeall an domhain, cuireann ár soláthraí seirbhíse teorainn ar a thuarascálacha ar gach foinse seachas foinsí sna meáin Éireannacha agus ar phostálacha sna meáin shóisialta a chuir úsáideoirí in airde atá lonnaithe in Éirinn.

Má úsáideann tú ceann de na téarmaí seo i bpostáil sna meáin shóisialta, is féidir do phostáil a chur san áireamh i dtuarascáil a sheolann ár seirbhís soláthraí chugainn. Is féidir leis an soláthraí seirbhíse dearcadh a shannadh do do phostáil, chomh maith leis sin, a chabhróidh le foireann MetroLink maidir le bainistíocht/rannpháirtíocht éifeachtach i measc páirtithe leasmhara.

Más fearr leat nach gcuirfí do phostálacha sna meáin shóisialta san áireamh inár dtuarascálacha, seol ríomhphost chugainn, le do thoil, ag dataprotection@tii.ie agus cuir sonraí faoi do chuntas meán sóisialta (e.g. d’ainm úsáideora Twitter) san áireamh.

Féach freisin, le do thoil, Fógra um Chosaint Sonraí MetroLink chun teacht ar bhreis sonraí faoin bpróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta agus ar shonraí faoi do chearta maidir leis an bpróiseáil sin.