Consultations

Comhairliúchán Poiblí Pháirc Choláiste Ailbhe 2020

Comhairliúchán Poiblí Pháirc Choláiste Ailbhe 2020

Mar chuid de thionscadal MetroLink, beartaítear sloc idirghabhála tolláin a thógáil laistigh de thailte Pháirc Choláiste Ailbhe. Chruthaigh láthair bheartaithe an tsloic idirghabhála cuid den eolas a cuireadh ar fáil i rith an chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil maidir leis an Rogha Bealaigh in 2019.

I rith an chomhairliúcháin phoiblí, d’iarr cónaitheoirí áitiúla go gcuirfí níos mó eolais ar fáil faoin sloc idirghabhála, chun go bhféadfaidís machnamh ceart a dhéanamh ar an tionchar a d’imreodh sé ar an gceantar máguaird. Mar fhreagairt don iarraidh seo, chuir MetroLink tús leis an gcomhairliúchán limistéir áitiúil chun míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an bhfeidhm agus an gá atá leis an sloc idirghabhála ag Páirc Choláiste Ailbhe. Dúnadh an comhairliúchán seo Déardaoin, an 12 Márta ag 5pm.

Is mian linn a chinntiú, chomh maith, go mbíonn an chuma a bheidh ar na gnéithe os cionn na talún − an foirgneamh, rochtain, páirceáil agus teorainn − ar an gcaighdeán is airde agus go mbíonn siad íogair dá dtimpeallacht san fhóntas tábhachtach caitheamh aimsire seo. Tá d’aiseolas á lorg againn, ar an ábhar sin, ar an méid seo a leanas:

  • An chuma trína chéile a bheidh ar an bhfoirgneamh agus a thimpeallacht.
  • An mhodheolaíocht tógála a bheartaímid.

Tugtar achoimre ar an leathanach seo ar thuarascáil níos mionsonraithe, “Páirc Choláiste Ailbhe, Tuarascáil ar Shloc Idirghabhála an Tolláin”, atá ar fáil anseo. Is féidir leat cruachóip den tuarascáil a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig info@MetroLink.ie nó trí ghlaoch orainn ar Shaorghlao 1800 333 777. Is féidir leat iarraidh a sheoladh chugainn sa phost freisin chuig ár seoladh anseo.

Albert College Park Tunnel Intervention Shaft Location

Sloc Idirghabhála Thollán Pháirc Choláiste Ailbhe

Nuair a bhíonn an fad idir stáisiúin níos faide ná 1 chiliméadar, is gá sloc idirghabhála an tolláin a sholáthar. Is amhlaidh an cás do nasc MetroLink idir Stáisiúin Ascaill Uí Choileáin agus Pháirc Uí Ghríofa a bheartaítear. Is é an fad idir na stáisiúin seo 1,494 méadar agus, ar an ábhar sin, tá sloc idirghabhála ag láthair oiriúnach ag teastáil nach faide ná 1 chiliméadar ó cheachtar stáisiún. Is í Páirc Choláiste Ailbhe an láthair a bheartaítear don sloc idirghabhála tolláin riachtanach.

Cuireann an sloc na feidhmeanna seo a leanas ar fáil:

  • Ceadaíonn sé do sheirbhísí éigeandála chun teacht ar an gcóras faoin talamh i gcás éigeandála;
  • Cuireann sé bealach sábháilte ar fáil do phaisinéirí chun éalú ón tollán i rith éigeandála;
  • Cabhraíonn sé le rialú agus bainistiú a dhéanamh ar dheatach a bhaint i gcásanna éigeandála;
  • Cabhraíonn sé le haerú a sholáthar ar mhaithe le compord paisinéirí le linn gnáthoibríochtaí laethúla; agus
  • Cuireann sé faoiseamh ó shéideán ar fáil i rith ghnáthoibriú na líne, a chumasaíonn gluaiseacht aeir isteach nó amach nuair a ghluaiseann traein thar bráid.

Beidh an sloc idirghabhála a bheartaítear lonnaithe i gcúinne thiar theas Pháirc Choláiste Ailbhe. Taispeántar a láthair bheartaithe thíos.

Albert College Park Tunnel Intervention Shaft Building

Fíor 2. Foirgneamh Shloc Idirghabhála an Tolláin a Bheartaítear

Beidh na nithe seo a a leanas sa suíomh críochnaithe;

  • foirgneamh a sholáthróidh rochtain éigeandála/staighre fágála chun paisinéirí a aslonnú,
  • ardaitheoirí tiomnaithe do rochtain Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus
  • trealamh agus córais aeraithe tolláin.

Cuirfear rochtain feithiclí ar fáil amach ó Bhóthar Bhaile Munna d’fheithiclí éigeandála agus ar mhaithe le gnáthchothabháil. Cuirfear saoráidí páirceála ar fáil chun freastal ar fheithiclí seirbhísí éigeandála i gcás éigeandála nó chun go bhfreastalaíonn feithicil éigeandála ar éigeandáil, nuair is gá.

Beidh teorainn shloc idirghabhála an tolláin slán.  Déanfar an limistéar críochnaithe a thírdhreachú go cuí chun go ndéantar é a chorprú isteach sa timpeallacht áitiúil.

Taispeántar íomhá ina léirítear an chuma a d’fhéadfadh bheith ar an sloc idirghabhála nuair a chríochnófar é thíos.

Léirítear leagan amach táscach de limistéar Shloc Idirghabhála an Tolláin, ina léirítear imchruth an fhoirgnimh, an bóthar rochtana agus na limistéir pháirceála a bheartaítear thíos.

Albert College Park Tunnel Intervention Shaft Location Map

Fíor 3: Leagan Amach Táscach an tSuímh Chríochnaithe

Na Chéad Chéimeanna Eile

Déanfaimid athbhreithniú ar an aiseolas go léir a fuarthas chun cabhrú linn ár ndearaí a thabhairt chun críche sula seolaimid ár n-iarratas pleanála ar aghaidh chuig an mBord Pleanála.Dúnadh an comhairliúchán seo Déardaoin, an 12 Márta ag 5pm.

Fuarthas 198 aighneacht ó ghrúpaí cónaitheoirí, úinéirí tí áitiúla agus páirtithe leasmhara a úsáideann an Pháirc maidir leis an gcomhairliúchán. Cé go bhfuil roinnt buarthaí ann go fóill i dtaca leis an tionchar a imreofar ar an bpáirc, ní bheidh ach 5.1% d’achar iomlán na páirce i gceist leis an sloc aeraithe agus an suíomh máguaird.

Tá na dearthóirí tiomanta don aiseolas go léir a chur san áireamh agus na tionchair a íoslaghdú i rith na gcéimeanna tógála agus oibríochtúla.

Bhain dearadh an fhoirgnimh freagairt mheasctha amach agus teastaíonn ó roinnt daoine go mbeidh an foirgneamh níos “glaise” agus “inbhuanaithe”.

Is féidir leat amharc ar chóip den aiseolas a fuarthas i rith Chomhairliúchán Poiblí Pháirc Choláiste Ailbhe anseo.