Eolas

MetroLink

MetroLink

Píosa claochlaitheach de bhonneagar iompair phoiblí nua, agus an chéad cheann dá shamhail in Éirinn, é MetroLink. Iarnród meitreo ardtoillte, ardmhinicíochta, nua-aimseartha agus éifeachtúil a bheidh ann, ina mbeidh 16 stáisiún nua agus a thaistealóidh ó Shord go Charlemont. Nascfaidh an t-ailíniú seirbhísí Aerfort Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann, DART, Bhus Átha Cliath agus Luas agus cruthóidh sé gréasán iompair phoiblí atá go hiomlán comhtháite i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC). Léirítear ailíniú MetroLink ar an léarscáil taobh leis seo.

Anuas ar mhoil mhóra iompair a nascadh, ceanglóidh MetroLink príomhchinn scríbe, Baile Munna, Ospidéal an Mater Misericordiae, Ospidéal an Rotunda, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) ina measc. Beidh go leor den bhealach 18.8 ciliméadar faoin talamh agus is nuálú spreagúil é don iompar poiblí in Éirinn.

Beidh traenacha ag taisteal gach trí nóiméad i rith buaic-amanna nuair a thosófar na hoibríochtaí. Is féidir é seo a mhéadú aníos go dtí seirbhís gach 90/100 soicind faoin mbliain 2060, más gá. Beidh an córas in ann a mhéid le 20,000 paisinéir san uair a iompar i ngach treo. Mar chomparáid leis sin, is féidir le seirbhísí Líne Uaine Luas thart ar 9,000 paisinéir a iompar gach treo san uair faoi láthair.

Nuair a chríochnófar é, glacfaidh sé thart ar 25 nóiméad ar phaisinéirí taisteal ó Shord go lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus meastar go n-iompróidh MetroLink a mhéid le 53 milliún paisinéir gach bliain. Ní hionann MetroLink agus seirbhísí eile iarnróid atá ar fáil faoi láthair in Éirinn (DART, InterCity agus Luas) sa mhéid go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas:

        • Seirbhísí níos minice a sholáthar;
        • Níos mó daoine a iompar faid níos giorra;
        • Beidh sé go hiomlán scartha ó gach úsáideoir eile bóithre (ní chuirfidh sé isteach ar thrácht ar bhóithre ná ar choisithe); agus
        • Beidh sé go hiomlán uathoibrithe (seirbhís traenach gan tiománaí)